Eolas faoin gClub

Club Gaeltachta í CLG na Rinne ina mbíonn an pheil agus an iomáint ar chomhchéim. Bíonn áit lárnach ag an bhféiniúlacht Ghaelach i ngach gné den gclub. Tá ana-rath orainn i gcomórtaisí Phortláirge os na 90idí amach. I measc na n-éachtaí sa tréimhse seo bhuamar: Craobh Iomána agus Peile Sóisir an Chontae sa mbliain 1991 (bliain ar bronnadh gradam Club na Bliana orainn i bPortláirge); Craobh Peile Idirmheánach an Chontae sa mbliain 1996 agus 2005; Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae sa mbliain 2008, 2012, 2017 agus 2025; Éiríonn linn an tarna foireann peile agus iomána a chur chun páirce chomh maith agus ábhar suntais é gur bhuamar Craobhacha Iomána Sóisir C agus Sóisir B dhá bhliain as a chéile roinnt blianta ó shin. Is ábhair mórtais dúinn a bheith san iomaíocht i gCraobhchomórtas Peile Sinsir Phortláirge don bhfichiú bliain i ndiaidh a chéile i mbliana.

Foirne Bainistíochta:

Peil Sinsir: Pádraig Ó Murchadha, Dónal Óg Ó Murchadha, Eoin Ó Murchadha, Paudie Ó Innseadúin

Iomáint Idirmheánach Príomhroinne: Tomás Mac Craith, Anthony Mac Ualtair, Dónal Óg Ó Murchadha, Dave Ó Riagáin, Seán Ó Dálaigh

Iomáint Sóisir C: Jack Ó Lonáin, Conor Ó Cuirrín, Caolán Mac Craith, Cormac Ó Muirithe

Peil Sóisir B:

2 thoughts on “Eolas faoin gClub

  1. Micheál & Paula Ó hUallacháin

    Níl mé cinte an bhfuil mo bailríocht Íochta faoi láthar. An féidir liom é a ioch ar líona muna bhfuil.

    Reply

Fág Teachtaireacht

Your email address will not be published. Required fields are marked *